ordaíodh an sagart an méid seo leanas a bhreith i gcomhair íonghlanadh an duine: dhá éan ghlana bheo, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe.
Ansin beireadh sé leis an t‑éan beo, an t‑admhad céadrais, an t‑ábhar craorag, agus an chraobh íosóipe, agus tumadh sé an méid sin agus an t‑éan beo faróthu, i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha.
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,