Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 14:40

An Bíobla Naofa 1981

tugadh an sagart ordú na clocha ina bhfuil an galar a thógáil agus a chaitheamh in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis, agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí,

Cuireadh sé an teach go léir á scríobadh laistigh, agus an screamh a scríobfar de, caitear í in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.

Baineadh sé de a éidí ansin agus cuireadh éidí eile uime, agus beireadh sé an luaithreach leis on gcampa amach go háit ghlan.

ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.

Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”

An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach.

Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.

Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.

Ach tá seo i d'fhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Niocoláiteach faoi mar atá an ghráin agamsa leis.

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí