Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 14:32

An Bíobla Naofa 1981

“Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.

“Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.

Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.”

“Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.

“Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.

“Má bhíonn sé bocht agus gan an méid sin go léir ar a achmhainn, tógadh sé aon uan fireann amháin don íobairt leorghnímh; tá sin le tabhairt i láthair leis an dleacht ar leith a ofráil, chun gnás an leorghnímh a cheiliúradh don duine; ní gá dó a bhreith leis ach deachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus an log ola,

déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh.

Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón, agus dúirt:

tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí