Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 14:3

An Bíobla Naofa 1981

Téadh an sagart ón gcampa amach. Má fhaigheann an sagart amach, arna iniúchadh, go bhfuil an lobhar leigheasta ón ngalar lobhrach,

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n‑uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan.

Agus dúirt sí lena máistreás: “Uch nach leis an bhfáidh sa tSamáir atá mo mháistir, is cinnte go leigheasfadh sé óna lobhra é.”

Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.

Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”

“Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.

Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.

Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.

tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.”

Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí