Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 14:25

An Bíobla Naofa 1981

Ansin maraíodh sé an t‑uan don íobairt leorghnímh; tógadh an sagart cuid de fhuil an íobairt leorghnímh agus cuireadh sé í ar mhaothán cluaise an té atá le glanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.

Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall.

Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.

Ansin doirteadh an sagart cuid den ola ar bhois a laimhe clé,

Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.

Ansin mharaigh Maois é, agus thóg cuid den fhuil agus chuir ar mhaothán cluaise deise Árón í, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí