Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 14:18

An Bíobla Naofa 1981

Fuílleach na fola i mbois a láimhe cuireadh an sagart é ar cheann an té atá le glanadh. Mar sin a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh i láthair an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin.

Ansin cuireadh sé cuid den ola a fhanfaidh ar a bhois ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, agus ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise - anuas is é sin ar fhuil an íobairt leorghnímh.

Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.

Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.

Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.

Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.

Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.

Ní foláir dó an slad a rinne a pheaca ar na cearta naofa a aisíoc, an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis leis, agus é a thabhairt don sagart. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó le reithe an íobairt chúitimh agus maithfear dó.”

Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh.

Ní foláir don sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh i láthair an Tiarna don duine a chuaigh ar seachrán agus a pheacaigh trí neamhaire; nuair a bhíonn gnás an leorghnímh comhlíonta dó, maithfear dó,

Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí