Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 13:59

An Bíobla Naofa 1981

Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Nuair a thagann lobhra ar éadach - bíodh sé d'olann nó de líon,

bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -

Ach an ball éadaigh, an t‑ábhar, an brat, an déantús leathair is cuma céard é, lenar scar an lot nuair a níodh é, nítear arís é, agus bíodh sé glan.

Dúirt an Tiarna le Maois:

“Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.

“Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.”

á shocrú cathain is glan agus is neamhghlan dóibh. Sin é dlí na lobhra.”

Seachnaigí clann Iosrael ar a neamhghlaine, le heagla go bhfaighidís bás dá barr, mar go dtruailleoidís mo thaibearnacal atá ina measc.

Sin é an dlí do fhear an tsilte agus d'fhear sceite a shíl agus go mbíonn sé neamhghlan dá bharr;

Sin iad na reachtanna a d'aithin an Tiarna do Mhaois i dtaobh mar atá idir fear agus a bhean, agus idir athair agus a iníon fad tá sí óg agus ag maireachtáil faoi dhíon a hathar.

Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d'aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.

Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí