Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 13:5

An Bíobla Naofa 1981

Déanadh an sagart é a scrudú arís ar an seachtú lá, agus más dóigh leis go bhfuil an galar ceansaithe, gan leathadh in aon bhall eile, cuireadh sé ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá eile.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”

Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t‑othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.

Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.

An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí