Maidir lena líonta, ní dhéanfaidh siad gnó éadaigh, ná ní dhéanfar clúdach dóibh as saothar a láimhe. A saothar siúd, is é saothar an donais é agus is réidh chucu an gníomh garbh.
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
Ghlac tú de d'éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís.
Dódh sé an ball éadaigh, nó an t‑ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.”
Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.”
déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.