Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 13:45

An Bíobla Naofa 1981

“An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh

Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d'imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.

Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata - mar lobhair ab ea iad - agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: “Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás?

D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos

Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.

Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá: cealaigh mo choir as iomad do thrua.

Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.

“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!

Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.

Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”

Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n‑éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.

“Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo, “Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!” Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún: “Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”

Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”

Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach.

agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.” Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t‑olc.

Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.

fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air.”

“An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh.

Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.

“Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach.

agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh,

Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí