Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: “Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!”
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
De dheasca bhur laige nádúrtha - is i dtéarmaí daonna atáim ag labhairt anois - faoi mar a thug sibh suas bhur mbaill bheatha tráth mar sclábhaithe don salachar agus don urchóid chun na hurchóide, tugaigí suas bhur mbaill anois mar sclábhaithe don fhíréantacht chun na naofachta.