scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig.
Arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart go bhfuil sí dulta sa bheo ná go bhfuil an fionnadh [buí], cuireadh sé an t‑othar leis an ngalar tochais seo ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá,
ansin bearradh an t‑othar a ghruaig, ach gan baint leis an tine dhia; agus cuireadh an sagart othar an ghalair thochais ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá eile.