Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”
“Má bhíonn gorta sa tír, nó plá nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaiste, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail seo léigear [ar gheata] dá gcathair; má bhíonn fiabhras nó galar;
má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine - nó ar do phobal Iosrael go léir - agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,
Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m'fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m'fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne.
Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
“A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig.
Ach má fhanann an spota san aon áit, gan leathadh ar an gcneas, ach a bheith ag feo, fágann sin gur séideadh ón dó é. Fógraíodh an sagart an duine glan; níl i gceist ach créacht ón dó.”
scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig.
De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”