Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 13:25

An Bíobla Naofa 1981

ansin déanadh an sagart é a iniúchadh, agus má fhaigheann sé an fionnadh ar an ngoirín arna liathadh agus é dulta sa bheo, ansin is lobhra í a sceith sa dó. Fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; is lobhra atá i gceist.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.

Labhair an Tiarna arís: “Cuir do lámh i do bhrollach.” Chuir seisean a lámh ina bhrollach, agus nuair a tharraing sé amach í, bhí sí faoi bhrat lobhra chomh geal le sneachta.

“Má bhíonn dó ar chneas duine agus go dtagann neascóid ar an dó, goirín geal bándearg nó báiteach bán,

Ar an láimh eile mura bhfaigheann an sagart, arna iniúchadh, fionnadh liath ar an ngoirín, ná é dulta sa bheo, ach é ag feo, ansin cuireadh an sagart ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá.

Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t‑othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.

Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí