Ach arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart an fionnadh liath agus nach bhfuil sí dulta sa bheo, ach feo sa bhall galair, cuireadh sé an duine ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.
Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má dhealraíonn sé a bheith dulta sa bheo agus an fionnadh ag liathadh, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; is lobhra í a bhris mar neascóid.
Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t‑othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.