Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 13:18

An Bíobla Naofa 1981

“Nuair a thagann neascóid ar chneas duine agus go leigheasann sí

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Dúirt Íseáia: “Tugtar ceirín figí anseo, agus [tógtar agus cuirtear leis an neascóid é le go leigheasfaí] an rí.”

Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.

Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”

Déanfar smúit mhin de os cionn talamh na hÉigipte go léir agus déanfar neascóidí de ag briseadh amach ar dhaoine agus ar ainmhithe ar fud chríocha na hÉigipte go léir.”

Dúirt Íseáia: “Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.”

Déanadh an sagart é a scrúdú, agus má fhaigheann sé amach go bhfuil an ball galair geal arís, fógraíodh sé an duine glan; tá sé glan.”

ach go bhfágann sí ina háit at bán nó spota le luisne bhándearg, ansin taispeánadh an duine é féin don sagart.

ansin déanadh an sagart é a iniúchadh, agus má fhaigheann sé an fionnadh ar an ngoirín arna liathadh agus é dulta sa bheo, ansin is lobhra í a sceith sa dó. Fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; is lobhra atá i gceist.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí