Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;
“Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh:
Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh.
Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.