Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.
“Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.
Ní mó ná sin ba chóir duit d'fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.
Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.”