D'éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh - idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.
Uime sin ní foláir daoibh an t‑ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t‑éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh.