Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 11:34

An Bíobla Naofa 1981

Aon bhia inite a bhíonn ann, ar a dtiocfadh uisce, bíodh sé neamhghlan; aon deoch inchaite, is cuma cén soitheach ina mbíonn, bíodh sí neamhghlan.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

Súile uaibhreacha agus croí díomasach, is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.

An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é.

Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh.

Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí