Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.
Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh.
Dódh sé an ball éadaigh, nó an t‑ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.”
Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.
An soitheach cré ina mbruitear an fheoil, ní foláir é a smiotadh; ach más i soitheach cré-umha a dhéantar í a bhruith, tá sin le sciúradh agus le ní le huisce.
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.