Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 11:24

An Bíobla Naofa 1981

Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin;

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: “Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,” a deir an Tiarna Dia na Slua.

ach bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach eile atá ceathairchosach.

aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin.

Ná hithigí a gcuid feola, ná bainigí lena gconablaigh; bídís neamhghlan agaibh.

“Aon duine a théann isteach sa teach agus é dúnta, bíodh sé neamhghlan go nóin.

Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin.

Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.

Aon duine a bhainfidh lena leaba, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Aon duine a bhainfidh le haon stól ar ar shuigh sí déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Má bhíonn aon ní ar an leaba nó ar an stól ar ar shuigh sí, agus go mbaineann duine leis, bíodh sé neamhghlan go nóin.

Aon duine a bhaineann leis na nithe sin, bíodh sé neamhghlan; déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Aon duine a bhaineann lena leaba, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Aon duine a shuíonn ar shuíochán ar ar shuigh fear an tsilte, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Aon duine a bhaineann le corp fir dá dtarlaíonn an sileadh, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Má chaitheann fear an tsilte seile ar dhuine atá glan, ní foláir dósan a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,

nó a dhéantar neamhghlan trí bhaint le snáfach éigin, nó le duine eile a d'fhág air a neamhghlaine féin, cibé sórt í -

sea, aon duine a raibh caidreamh den sórt sin aige, bíodh sé neamhghlan go nóin, agus ná hitheadh sé na nithe naofa gan a chorp a ní le huisce.

nó má bhaineann duine le rud neamhghlan - cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn - agus go n‑éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach;

Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”

Ansin níodh an sagart a éide agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce; ní miste dó filleadh ar an gcampa ina dhiaidh sin, ach bíodh sé neamhghlan go nóin.

Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”

Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.

agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.

Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh bheith ag géilleadh do rialacha ar nós:

Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.

Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí