Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”
Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu - ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! - an t‑iolar, an bhadhb, an coirneach;
De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp.
Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;
Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe:
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.