Beir leat de na hainmhithe glana seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál; agus de na hainmhithe neamhghlana cúpla, fireannach agus baineannach;
Uime sin ní foláir daoibh an t‑ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t‑éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh.
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.