Léivític 10:14An Bíobla Naofa 1981Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d'iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d'íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d'iníonacha mar aon leat. Féach an chaibidil |
Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.