Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 10:13

An Bíobla Naofa 1981

Ithigí in áit naofa í, óir is í sin do cheartroinn agus ceartroinn do mhac de na híobairtí tine don Tiarna. Sin é an t‑órdú a fuair mé.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.

Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: “Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d'íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa.

Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d'iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d'íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d'iníonacha mar aon leat.

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.

Ní miste duit na nithe sárnaofa sin a ithe, agus ní miste do gach fireannach iad a ithe; bídís naofa agat.

Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí