Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.
Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d'fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann.
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.
Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.
Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit.
I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.
Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.