Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 1:16

An Bíobla Naofa 1981

Ansin baineadh sé an eagaois as agus na cleití de, agus iad a chaitheamh láimh leis an altóir ar an taobh thoir mar a gcuirtear an luaithreach.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n‑otrach le loscadh.

an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna.

nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine;

Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.

de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí