Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.”
Tá an t‑éan eile le huileloscadh mar íobairt aige ansin de réir an ghnáis. Sin é mar atá gnás an leorgnímh le comhlíonadh ag an sagart don duine ar son an pheaca a rinne sé agus maithfear dó.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.
Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;