Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 1:11

An Bíobla Naofa 1981

Maraíodh sé é ar an taobh thuaidh den altóir, i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.

Chuir sé an bord i mBoth na Teagmhála, ar an taobh thuaidh den taibearnacal, lasmuigh den fhial,

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo iad na deasghnátha don altóir. An lá a thógfar í le haghaidh ofráil íobairtí dóite agus doirteadh fola,

Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” D'ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.

Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.

Maraíodh sé an t‑uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca agus maraíodh sé an t‑íobarthach peaca mar a maraítear na huileloiscthigh.

“Labhair le hÁrón agus lena chlann mhac agus abair: Seo é gnás an íobairt pheaca: Maraítear íobarthach an pheaca i láthair an Tiarna san áit ina maraítear íobarthach an uileloiscthe; tá sé sárnaofa.

Maraítear íobarthach an chúitimh san áit ina maraítear na huileloiscthigh, agus croitear a chuid fola ar imill na haltóra.

Mharaigh Maois é agus dhoirt a chuid fola ar imill na haltóra.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí