Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”
Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”
Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”
Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.
Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.
Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus d'ofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Sin é a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar Shliabh Shíonái nuair a d'aithin sé do chlann Iosrael a n‑ofrálacha a thabhairt chun an Tiarna i bhfásach Shíonái.
Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.