Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Laoi na Laoithe 1:9

An Bíobla Naofa 1981

Mo chapaill faoi charbad Fhorainn, is mar sin liom tú, a chara.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í.

Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ón Éigipt agus ó [Chilicia], agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chilicia ar phraghas cinnte.

Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad.

Seo é mo ghrá ag labhairt liom: Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.

figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.

Seileastar idir driseacha mo rúnsa idir mná.

Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad. Laistiar de do chaille folt mar thréad gabhar anuas Cnoc Ghileád.

Álainn tú ar fad, a rún; atá tú gan cháim.

I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht; cluinim mo ghrá ag an doras: “Oscail dom, a shiúr, a rún, mo cholúr gan éalang, óir is báite mo cheann i ndrúcht, is fliuch m'fholt ón oíche.”

Álainn tú, a rún, mar Thirzeá, breá mar Iarúsailéim, chomh huafar le cathshlua.

Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí