Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iúd 1:9

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Tháinig cuid de chlann Bhiniáimin agus de chlann Iúdá chomh maith chuig Dáiví sa dún.

Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.

Dúirt aingeal an Tiarna leis an Áibhirseoir: “Go dtuga an Tiarna achasán duit, a Áibhirseoir! Go dtuga an Tiarna, a rinne rogha de Iarúsailéim, achasán duit! Nach aibhleog a sciobadh ón tine an fear seo?”

Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá!

agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d'aon duine cá bhfuil a uaigh.

mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.

Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.

ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslaitheach ina n‑aghaidh i láthair an Tiarna.

Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D'fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí