Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.
Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”
Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, mar aon leis na bailte comharsan - an Tiarna a labhraíonn - ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.”
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.
Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh
agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’
agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.
má rinne sé luaithreach de chathracha Shodom agus Ghomorá agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach;
Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.