Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iúd 1:2

An Bíobla Naofa 1981

Go méadaí trócaire, síocháin agus grá chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.

Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.

de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.

Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n‑aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí