Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”
an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;
Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.
Na fir a sheol Maois chun an tír a bhrath, agus a chrom tar éis filleadh dóibh ar mhuintir Iosrael a ghríosú chun cnáimhseála in aghaidh an Tiarna lena ndrochthuairisc ar an tír,
Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: “Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!”
Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”
Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: ‘Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin!
Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon
Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;
go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.
le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.