A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!
Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.
Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é.
Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d'imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann.
(Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad agus páláis a thógáil. Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith. Ach cuirfidh mise tine lena chathracha agus loiscfidh sí a pháláis.)
Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”
Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”