Os a chionn siúd craithfidh Tiarna na Slua an lasc, mar a rinne nuair a threascair sé Midián ag carraig Horaeb, agus nuair a shín sé a shlat in aghaidh na farraige agus a thóg í os cionn bealach na hÉigipte.
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é. Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann; tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.
Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte. Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann, gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
Ach déanáigí gairdeas agus bíodh lúcháir oraibh go deo agus go brách as a bhfuil á chruthú agam, mar tá mé chun Iarúsailéim a chruthú ina lúcháir agus a muintir ina ngairdeas.
Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi! Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
Óir seo mar a deir an Tiarna: Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún! Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’
Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d'fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d'fhág mé ag siúl ceannard sibh.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ‘Lig dúinn dul in éineacht leat, óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”
Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.
Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,
Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.
Nuair a threoraigh sé síos é, b'shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.