Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.
Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh
Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”
Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n‑iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.”
Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh, bhruith siad a leanaí lena lámha féin; is iad a bhíodh mar bhia acu, nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.
Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile. Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil fágfaidh mise ag an gclaíomh é.
“Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.”