Íseáia 9:15An Bíobla Naofa 1981Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán. Féach an chaibidil |
Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.
Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.