A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.
Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;
Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn (rí na hAsaíre); an ceann agus fionnadh an choirp, go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.
Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n‑eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.