(San am sin, ghabh rí [Eadóm] Éalat ar ais d'Eadóm; thiomáin sé fir Iúdá ó Éalat agus ghabh na hEadómaigh seilbh air agus tá siad ag cur fúthu ann go dtí an lá inniu.)
Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu.
Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.
Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.
Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.
Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”
Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.
Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”
Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n‑óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n‑eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n‑ológa; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’