I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.
Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.
Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,