I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.
Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis - Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.
D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.