Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm cheil mé mo ghnúis ort. Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí, a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.
Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm, ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat, óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn, agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.
rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m'fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m'aghaidh orthu mar gheall ar a n‑olcas.
Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.
Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.
Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.