Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.
Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.
Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.