Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 66:6

An Bíobla Naofa 1981

An ghlóraíl agus an ghlafarnach sin sa chathair, an glór ag teacht ón Teampall, glór an Tiarna is ea é agus é ag baint sásaimh as a naimhde.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.

Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.

Cúiteoidh sé cách mar is dleacht, fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde.

Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.

Bhí gin aici ina broinn, agus d'éigh sí ina híona agus ina pianta linbh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí