Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 66:5

An Bíobla Naofa 1981

Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”

Ansin d'inis Seáfán, an rúnaí, don rí: “Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,” agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é.

De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.

Agus gach n‑aon a chuir briathra Dé Iosrael ar ballchrith, chruinnigh siad i mo thimpeall toisc mídhílseacht seo na ndeoraithe a d'fhill. Ach maidir liomsa, bhí mé i mo shuí ansiúd in anbhainne go tráth íobairt an tráthnóna.

Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.

Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar agus is líonmhar lucht m'fhuatha gan fáth,

An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin; ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.

Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn, is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé. Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm, d'fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé, faoi deara faillí m'fhíonghoirt féin.

A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”

In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.

Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.

Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.

Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: “Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.”

Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.

Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t‑am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.

D'fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.

Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost.

fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.

Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí