Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 66:23

An Bíobla Naofa 1981

Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua, agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide, tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

“Cad ab áil leat chuige inniu?” a d'fhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach d'fhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.”

Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne, cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna, agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.

Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid,

ós tú a éisteann lenár nguí. Ortsa atá triall gach aon neach

Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt.

Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad.

Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.

Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;

An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.

Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.

Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;

Lá na ré nua ofrálfaidh sé tarbh óg gan smál, sé uan gan smál agus reithe gan smál.

Beidh Iúdá féin ag troid in Iarúsaléim agus cruinneofar le chéile saibhreas náisiúin uile na comharsanachta: ór agus airgead agus éadaí, go flúirseach fairsing.

Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.

Mura dtagann muintir na hÉigipte suas chun dul isteach inti, titfidh an phlá sin orthu lenar bhuail an Tiarna na náisiúin (nár tháinig suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh).

Sin é an pionós a chuirfear ar an Éigipt agus ar na náisiúin go léir nach dtiocfaidh suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.

Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.

Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.

Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí