Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.
Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.’ ”
agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis.